Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 039
- XML “Píolótaí na hÁite seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)charraig ag Oileán Mhuighinis ar chósta Connamara. Bhí rabharta mhór ann an t'am céadhna agus le diaidh thrágha a bhuail sí acht snámh sí as ar maidin lár na bhárac le lán mhara. Bhí sí ag déanamh uisge acht leis sin féin bhí sí ag tabharnáil soir acht nuar bhí sí taobh thoir d'Oileán an Tuighe bhíodar cinnte nach ngabhfad sí go Gaillimh. D'iompuigh Tam isteach ar Cillrónáin í agus scaoil sé suas ar thráigh Cill Éanna í. Lucht leasú a bhí innte agus tugadh aiste an cuid is mó d'en lucht agus deasuigheadh í agus tugadh as arís í agus ní morán bhí millte fúithe ar chor ar bith. Ar aon caoi cuireadh dlíghe ar Tam agus b'éigin dó dul go Corcaigh le cúirt a sheasamh. Bhí sé féin ag déanamh amach ar imtheacht dó nac bfeicfead sé aon amharc ar Árainn arís go deó agus bhí an fear bocht ag caoineadh agus é ag fágáil slán ag na comharsanaibh. Deamhain seachtmhain go raibh sé sa mbaile arís agus £25 de bhárr a shothair aige agus gan aon mharc 'na aghaidh. Ní bhíod an méid sin de bhárr chuile soitheac ag na píolóitidibh. De réir mar bheadh tonnaí ionnta seadh ioctaí iad. Bhíod tuairim £11 as na cinn badh lugha dhíobh. Níl sa gceanntar seo anois acht aon phíolóitidhe amháin agus níor thug sé sin síos ariamh acht ceann.
- Bailitheoir
- Brighid Ni Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seánín Taim Ó Direáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sruthán, Co. Galway