Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. Galway
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 033

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 033
  3. XML “Béaloideas a Bhaineas le Olainn, Sníomhachán, Cardáil srl.”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus an olainn bán réidh. Sé an caoí a mbíodh "Birds Eye" déanta i gcaoí áithrid. Caithfeadh leath de chaon cineál a bheith ann agus roinnt olna guirme measgtha tríd freisin. Nuair a bheadh sé sin fighte bheadh bréidín deas ann. Sén sórt flannín é an "Birds Eye" flannín glas agus ruaine olann gorm measgtha tríd acht go bhfuil difruigheacht sa gcaoí a ndéantar é agus na flanníní eile. Ciathfidh an méid céadhna den olann bán a bheith agat agus a bheadh d'olainn glas. Mar a chéile a dhéantaoí an cuid eile. Is mar a chéile a dheantar an flainnín "Fígheachán Cnáimh an Sgadáin" acht sa bfígheachán a bhíos an caoí a gcuirtear na stríoctha ann. Déantar go leór cineálacha eile snáth freisin. lé h-aghaidh bréidín. Nuair a thugtar an snáth ag an bfígheadóir deibóigtear é agus fígheann an Fígheadóir é.
    Nuair a bhíonn sé réidh ag an bfígheadóir tugtar abhaile é agus reamharuighthear é. Is mar sin a reamharuightí é. Cuirfeadh duine cómhla ar caon daobh de agus ceann mór eile faoí. "Stuc" a thugtaoí ar seo. Leagtaoí an bréidín isteach ann freisin agus cuimilightí é lé uisce te agus galaoireach agus bhídhtí dhá bhualadh seo lé na gcosa nó go mbeadh sé reamharuighthe. Annsin nightí é agus cuirtí ar triomú é agus bheadh sé réidh annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. spinning and weaving (~482)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Dhioráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Sruthán, Co. Galway