School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 020
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean gnása na tíre seo ins an t'sean aimsir.
Cuairdaigeacht ag a chéile san nGeimhridh, fiannaidheacht sgaithtí gabhail fuinn sgaithtí agus píose de'n oidhche ag déanamh cleasraca agus badh sultmhar an rud a bheith ag éisteacht leis na sean-daoinibh ag cur síos ar a gcuid gníomhartha agus ag déanamh gaisce. Buel amac i nDeireadh Fóghmhar agus tús Geimhridh nuair a bhíodh an méid cur a bhíodh acu sábhailte itir fataí agus arbhar agus an méid lín a d'fásfhadh dhóibh, sé an cruadh-iúis is mó a bíodh orra annsin, áirneán ag obair ar an lín. An déad cuid de, an lín a chur ar bogadh i n-uisce. Nuair a ceapfaidís é a bheith sáthach bogáithe annsin é thógáil agus é thriomú. An méid congnamh cailíní óga a bheadh sa teac theighidís dá shlisneáil. An méid fir óga a bheadh sa teach annsin cuiridís an siostal ar cuild giobóg dhe agus bhainidís an barrac d'en lín. An méid lín a bheadh annsin ann é a chur ar an tlú gairmint go n-oscluigeadh na mná amac annsin é agus go sníomhaidís é leis an túirne lín. Bhainidís dá chindál snáth as; an togha, annsin an chuid a b'feárr dhe, bhí sé acu le éadac, ticeanna leabthan, éadaigh buird agus tuabhaillí. Bhí deis ins an seól ag na figheadóirí a bhí i ndon an obair sin a dhéanamh acht níl aon blas des na rudaí sin ag na figheadóirí atá ann faoi láthair. And dara totha den snáith annsin, le doruigheannta [iasguc] chaoi ar bith ar mian leó iead a leiginn caol no reamar agua an tríomhadh rogha d'en t'snáth bhí sé aca le eangaca, na mná a bhí ag sníomh(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Fhlannagáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Flártaigh
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Siúinéir
- Táilliúir
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway