School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 470

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 470

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 470
  3. XML “Mac an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ngiolla dubh. 'Tá beirt driothair agam-sa agus tá siad níos láidre ná mise. Tá siad ar an mbealach romhat. Rachaidh mise i bhfolach ar mhac Ríogh Éireann. Ná h-innis dhó cá bhfuil mé agus béarfaidh mé brat draoidheachta dhuit. Cuir an brat ort, agus ní fheicfidh mo dhriothair tú nuair a bhéas tú ag dul thart'. 'Tá go maith', a deir an giolla dubh, 'ach tabhair dom an brat ar dtús'. Thug an fathach an brat dhó. Bhí leac mór fada ins an urlár, thóg an fathach an leac, agus síos leis fé'n urlár. 'Cuir an leac ar ais mar bhí sé' a deir sé leis an ngiolla dubh.
    Thóg an giolla an leac- d'ardaigh sé í, agus leag sé síos ar mhullach an fhathaigh í. Rinne sí pléist de'n fhathach thíos fé'n urlár. Mharbhuigh sé é amach is amach.
    Tháinig mac Ríogh Éireann go dtí an poll, agus d'innis an giolla dubh an sgéal dhó. 'Cím go leor óir agus seod annseo. Tá sé chomh maith dhúinn é a thabhairt linn' a deir mac Ríogh Éireann. Chuir an giolla dubh an t-ór agus na seoda isteach i mála. Chuir sé an mála ar a dhruim, agus d'imthigh an bheirt leo arís ar an dturas.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0328: The Boy Steals the Giant's Treasure
    AT0505: Dead Man as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Maoilciaráin
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway