School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 403

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 403

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 403
  3. XML “Seanscéal - Murchadha agus Meannachair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    slat a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh'. 'Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an cú, gan im a chuimleochaidhe de mo bhonnacaibh'. Chuaidh sé go dtí an t-im. 'Tá mé ag iarraidh im, im a chuimleochaidh mé ar bhonnacaibh con, cú a shnámhfas uisge, uisge a fhliuchfas cloch, cloch a ghéaróchas tuagh, tuagh a ghearrfas slat, slat a dhéanfas gad, gad a bhuailfeas Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh.'
    Annsin chuaidh sé go dtí an t-im. 'Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an t-im gan luichín a sgríobfas mé'. Chuaidh sé annsin go dtí an luichín, agus dubhairt an luichín an rann céadna. 'Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an luichín gan chat a rithfeas orm. Chuaidh sé go dtí an cat. 'Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an cat 'gan braon bainne ó na beithidhigh sin thall'. Chuaidh sé go dtí na beithidhigh. 'Tá mé ag iarraidh baroinín bainne le h-aghaidh an caitín' a deir sé. 'Ní bhfuighfidh tú aon deor bainne uainn-ne' a deir na beithidhigh go bhfuighe tú dhúinn punnán tuighe ó na buailteoiribh sin thall'. Chuaidh sé chuca agus a dubhairt leo go raibh punnan tuighe uaidh. 'Ní bhfuighfidh tú an punnán' a deir siad gan criathar uisge. Chuaidh sé i gcoinne an uisge, ach ní raibh an criathar in ann aon bhraon a choinneáil. Bhí carróg ag dul thart agus dubhairt sé le Murchadha 'cuir dóib nó salachar ar an gcriathar agus beidh sé in ann an t-uisge a choinneáil'. Rinne sé amhlaidh, líon le h-uisge é, agus thóg chuig na buailtreoiribh é. Thóg siad é agus thug siad an punnán tuighe dhó. Thug sé sin do n beithidhigh agus fuair sé an braon bainne uatha. D'ól an caitín an bainne, agus thosuigh sé ag rith i ndiaidh an luichín, thosaigh an luichín ag sgríobadh an im, chuimil an t-im é féin ar cosaibh con, shnámh an cú san uisge, thosaigh an t-uisge ag fliuchadh cloch, thosaigh an chloch ag géaradh tuagh, thosaigh an tuagh ag gearradh slait, thosaigh an t-slat ag déanamh gaid, gur bhuail sé a dhóthain ar Mheannachair, a d'ól a chuid subh chraobh. Bhí Murchadha an-t-sasta annsin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Ní Liodáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway