School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 379

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 379

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 379
  3. XML “Na Fataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuireann muid na fataí sa bhaile gach bliain. Sé m'athair agus mo dhearbhráthaireacha a ullmhuigheann an talamh 'na gcóir. Cuirtear aoileach mar leasú ar an talamh roimh ré. Tarraingtear an t-aoileach le carr agus asal agus sgarann na fir ar an talamh é. Is i n-iomairí is mó a chuireann na daoine na fataí mór-thimcheall mo cheanntair. Is le láighe a chuirtear na fataí ach chuiridís fadó iad le céachta. Ní úsáidtear aon chéachtaí adhmaid anois fá láthair. Ní dhéantar na láigheanna sa n-áit ach is amhlaoidh a cheannuigheann na daoine an t-iarann agus an feac agus cuireann siad an feac san iarrann. Bíonn na fataí i dtaisge ag na daoine ar feadh tamaill agus annsin baineann siad na bachlógaí dhíobh i dtreo go bhfeice siad cá bhfuil an t-súil air le n-aghaidh na sgiolláin a ghearradh as.
    An chuid de'n fhata atá fágtha glaodhtar logan air agus bruithtear na logain le h-aghaidh muc agus beithidheach. Sgarann na mná an chuid is mó de na sgiolláin mar ní fhághann siad móran trioblóid uatha. Ar dtús déanann an fear poll ins an iomaire agus annsin téigheann na mná thart agus mála aca agus é lán le sgiolláin agus sáidheann siad isteach ins na puill iad agus clúduigheann siad le cré iad. Cabhruigheann na comharsain go léir le chéile ag cur na bhfataí agus glaodhtar 'meithil' ar an lá a bhíonn siad go léir le chéile. Ní ghlacann na daoine aon airgead ar obair an lae sin. Bíonn na daoine ag tabhairt aire mhaith do na fataí ar fhaitchíos go dtiocfadh beithidhigh agus go scriosfadh siad iad. Cuireann siad a lán cré leis na fataí agus cuireann siad aith-chré ortha tar éis tamaill agus tugtar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway