School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 341

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 341

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 341
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bíonn sé an deacair na caiple a ceannsú mar bíonn cuid aca an -chrosta agus bíonn cuid eile aca na lághach. Sé an caoi a glaodhtar ar na caiple prioch, prioch, agus ar na muca deoch, deoch, ar an caoirigh seaibh, seaibh, ar an cearca tiuc, tiuc, ar na lachain faoit, faoit, ar na géadhna beadaí, beadaí ar na beithidigh is amhlaidh a glaodhtar ortha leis na h-ainmneacha. Bíonn cearca ar gur ar feadh míosa agus nauir a bhíonn na cearcatrí seachtmhaine ar gur bíonn fhios aca annsin go mbíonn éan ins na huibheacha mar breathnuigheann siad tríd agus bíonn fhios aca annsin é. Bíonn na géadhna chuig seachtmhaine ar gur aguss na lachain mí. Cuirtear seacht n-uibhe déag faoi na cearca agus cuirtear marc ortha le súgha agus aithnigheann na daoine an ubh annsin a dtagann an t-éan as mar gheall ar an marc sin.
    Nuair a bhíonn laoigh ag bó ní blightear í go ceann cúpla lá. Bíonn an bainne an deas agus is amhlaidh a bhruitheann na daoine é. Tugtar gruth ar an rud a bhíonn reamhar agus meadhg ar an gcuid eile. Ólann a lán daoine é de brígh go bhfuil sé an-fholláin. Bainne buidhe a glaodhtar air agus bionn sé ag an mbó ar feadh trí lá agus annsin bíonn bainne bán aice. Deirtear nach bhfuil sé go maith an bainne a dhóirteadh nuair a bhíonn duine ag bleaghán mar nach mbeidh mórán bainne ag an mbó uaidh sin amach. Uair amhain bhí bean ann agus bhí laoigh breágh aice agus tháinig bean isteach go dtí í a raibh droch-shúil aice agus thosaigh sí ag cur sunndas ar an laoigh. Annsin cailleadh é. Tháinig bean an droch-shúil go dtí an bhean arís agus d'fhiafruigh sí cé'n caoi a raibh an laoigh agus dubhairt sí go raibh sé caillte le cúpla lá. Chuaidh bean an droch-shúil go dtí an laoigh agus d'éirigh sé beo arís agus bhí fhios ag gach duine gurbh í a chur chun báis an laoigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Address
    An Coillín, Co. Galway