School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn

Filter stories

Back
/ 189 Forward
Resolution: Low | High
Cistí Óir i bhFolach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Cistí Óir i bhFolach.
Bhí fear in a chomhnuidhe thart annseo fadó agus bhí císte óir aige i bhfolach i tuighe a theach. Ar eagla go ngeobhadh na saighdiúirí é chuir sé annsin é. Nuair a chuaidh sé á thóiridheacht níor fhead sé é fhaghail ag[?] chaith sé an tuigh uilig bhaint de'n teach sul a bhfuair sé é.
Tá a lán sgeálta faoi óir a bhí agus atá sna cnocaibh taobh suas de Sruth-Shaile. Bhí fathach curtha in aice Cnuic Caisil. Cheap na sean-daoine go raibh ór in a bhfolach in a uaigh. Tughadar pící agus sluaisde leo agus cuadar chuig an áit. D'fhoscail said an uaigh. Bhí cónra ann. D'foscail siad é. Bhí buidéal ann. D'foscail siad an buidéal. Bhí rud éigin istigh ann. Chraith siad braon de ar an gcorp agus do corruighe sé é féin. Craitheadar braon eile air agus dhirigh sé é féin. Ní dhearnadar níos mó ach ritheadar leo abaile.
Deirtear freisin go bhfuil ór ag [Altó ?] taobh suas de Sruth-Shaile. Tá cupán oir, buidéal ór agu claideamh óir ann.

Collector
Máire Seóige
Gender
female
Address
Scrahallia, Co. Galway
Informant
Sorcha Seóige
Gender
female
Age
45
Address
Scrahallia, Co. Galway
Language
Irish