Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cistí Óir i bhFolach.
    Bhí fear in a chomhnuidhe thart annseo fadó agus bhí císte óir aige i bhfolach i tuighe a theach. Ar eagla go ngeobhadh na saighdiúirí é chuir sé annsin é. Nuair a chuaidh sé á thóiridheacht níor fhead sé é fhaghail ag do chaith sé an tuigh uilig bhaint de'n teach sul a bhfuair sé é.
    Tá a lán sgeálta faoi óir a bhí agus atá sna cnocaibh taobh suas de Sruth-Shaile. Bhí fathach curtha in aice Cnuic Caisil. Cheap na sean-daoine go raibh ór in a bhfolach in a uaigh. Tughadar pící agus sluaisde leo agus cuadar chuig an áit. D'fhoscail said an uaigh. Bhí cónra ann. D'foscail siad é. Bhí buidéal ann. D'foscail siad an buidéal. Bhí rud éigin istigh ann. Chraith siad braon de ar an gcorp agus do corruighe sé é féin. Craitheadar braon eile air agus dhirigh sé é féin. Ní dhearnadar níos mó ach ritheadar leo abaile.
    Deirtear freisin go bhfuil ór ag [Altó ?] taobh suas de Sruth-Shaile. Tá cupán oir, buidéal ór agu claideamh óir ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Sorcha Seóige
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe