School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0081
- XML “An Mac Díchéillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé sin dhó agus fáilte. Dith sé an béile annsin agus faoi cheann tamaill d'fhiafruigh fear an tighe dhó cad a bhí uaidh agus dubhairt seisean go raibh sé ag iarraidh an fháinne a bhí ar mhéir an inghean agus dubhairt an t-athair go dtiúbhradh sé dhó é agus dubhairt an inghean nach dtiubhradh. Chuaidh an t-athair go mbainfeadh sé an fáinne dí(th) dhá buidheachas agus chuir sise a lámh síos i mála eórna a bhí lé na taobh agus rinne an fáinne gráinne eórna dhó féin agus chaith sí suas ar an urlár iad agus rinne an feairín agus a chuid giollaí cearca dóibh fhéin acht rinne an fáinne sionnach dhó fhéin agus mharbhuigh sé na cearca go léir. Chuaidh sé fhéin agus a athair abhaile annsin go dtí a dteach féin.
- Informant
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway