School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0118
- XML “Tadhg agus Domhnall”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tadhg agus Domhnall.Bhí bean ann fadó agus bhí beirt mhac aici agus siad na h-ainmneacha a bhí ortha ná Tadhg agus Domhnall. Bhí cárr coirce lé díol aca agus dubhairt an mháthair lé Domhnall é a dhíol. Chuaidh Domnall go Gaillimh agus dhíol sé an cárr coirce acht stop an capall ag teach ósta agus chuaidh Domhnall isteach agus d'ól sé cúpla pionnta pórtair. Bhí beirt fhear ag imirt cártaí istigh agus chuaidh Domhnall ag imirt chómh maith leó. Ghnóthuigheadar luach an choirce air agus chuaidh sé abhaile trom-chroidheach go maith. Nuair a d'fhiafruigh a mháthair dó cá raibh luach an choirce dubhairt sé gur imrigh sé é lé cártaí. Dimthigh leis arís maidin laé ar na bháireach. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc, ar a theacht abhaile dhó sheas an capall san áit chéadhna arís.
Isteach le Domhnall arís D'ól sé cúpla pionnta agus bhí an bheirt chéadhna ag imirt arís.(continues on next page)- Informant
- Colm Ó Fagharta
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tóin an Chnoic, Co. Galway