School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0072
- XML “An Mac Díchéillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an mac a chaitheamh amach ins an bhfairrge nuair a chonnaic sé an bád ag tigheacht go dtí é agus bhí feairín beag liath dhá iomradh. Labhair sé leis an bhfear seo agus d'fhiafruigh sé dhó cad chuige go raibh sé ag dul ag báthadh an mhac. D'innis seisean an sgéal dhó ó bhun go bárr agus faoi cheann tamaill labhair an feairín beag agus dubhairt sé: "Má sé do thoil é ná caith amach an páiste sin ins an bhfairrge agus sgaoil liom-sa é go ceann bliadhna agus bh'féidir go múinfinn-se ciall dhó". "Tá go maith" arsa an feairín agus d'imthigh leis.
Chuaidh an t-athair abhaile agus dinnis sé an sgéal dhá bhean. Bhí go maith nuair a bhí an bhliadhain shuas chuaidh an t-athair go dtí an charraig chéadhna agus is gearr a bhí sé annsin nuair a tháinig an bád céadhna go dtí é. Labhair sé féin agus fear an bháid lé chéile agus d'fhiafruigh an t-athair dó an raibh ciall ag an mac indiú agus sé an freagra a thug an mac é féin air ná: "D'aithneóchainn bó thar chapall". "Ó" arsa an t-athair "ní bheidh aon bhlas(continues on next page)- Informant
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway