School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0046
  3. XML “An Bhean a Bhí Seacht mBliana in Ifreann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Bhean a Bhí seacht mBliadhna in Ifrean[n]
    Bhí mac ríogh ann agus phós sé bean. Bhí máthair na mná istigh san teach in éindigh leó. Annsin ní raibh sé i bhfad pósta gur iarr sé ar an mbean a máthair a dhíbirt. Níor mhaith leis an inghean sgaramhaint leis an mháthair. Nuair a dimthigheadh sé amach ag fiadhach gach maidin d'abróchadh sé leis an mbean a máthair bheith díbríghthe aici nuair a thiocfadh sé ar ais. Nuair a thiocfadh sé ar ais déarfadh an bhean leis go mbíodh go leór oibre déanta agus go bí an mháthair a ghníodh chuile phioc den obair agus cén chaoi a ndíbreóchadh sí í. Ach ní raibh an fear sásta.
    Aon lá amháin thug sí léi an mháthair ar a druim. Bhí sí féin agus an mháthair imthighthe nuair a tháinig an fear isteach. Bhí an bhean ag imtheacht agus an mháthair ar a druim aici thar chnuc agus gleannta. Bhí an inghean trom tuirseach agus shuidh sí síos. Chonnaic sí solus beag i ngar dí. Thriall sí ar an solus agus tháinig sí ag an teach. Sheas sí go cúthal ag an dorus. Dubhair [!] bean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Informant
    Maighréad Bean Nic Con Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    48
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Doire Choill, Co. Galway