School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0017
  3. XML “Seán Buí Búrca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    den fhear a bhí na aonair. Chuaidh Seán faoi'n gcónra agus d'fhág an fear an cónra annsin aige. D'iomchur sé an cónra go dtí an teach agus nuair a d'fhosgail sé í seárd a bhí innte ná bean óg áluinn a raibh folt gruaige uirthe ar dhath an óir. Dhírigh sí aniar ins an gconra agus choinnigh sé ins an teach í acht ní raibh focal ar bith cainnte aici. Casadh na triúr bhan aríst ar Sheán agus dubhradar leis an biorán óir a bhí na cúl a bhaint as agus go dtiocfadh cainnt dí. Nuair a tháinig sé abhaile bhain sé an biorán as a cúl agus ar an bpoinnte thainigh a cainnt ar ais cuice.
    Aon lá amháin bhí Seán agus an bhean ag dul tríd Aonach an Spidéil agus tháinigeadar isteach i dteach ósta agus chonnaiceadar bean istigh ann. Thosuigh sí ag caoineadh agus d'fhiafruigh Seán dí céard a bhí uirthe agus dubhairt sí, gur cailleadh a h-inghean bliadhain is an lá indiú agus gur chosamhail leis an mbean óg sin í a bhí istigh ins an teach ósta. (B'fearr) "B'fhéidir gurbh í" adeir Seán. "Ó cén chaoi a bhféadfadh sí a bheith" adeir an bhean. Thosuigh an bhean óg ag caoineadh freisin agus dubhairt sí gurbh í a h'inghean a bhí ann. Chuir an bhean na mílte fáilte roimhe agus d'innis Seán dí an sgéal mar a thárla sé. Tugadh an bhean óg agus Seán Buidhe Búrca chuig teach na mnaoi agus caitheadar tamall fada annsin nó gur thrialladar abhaile agus mhaireadar go séanmhar uaidh sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cladhnach, Co. Galway