School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0014
  3. XML “Nuair is Cruaidh don Chailligh Caithfidh Sí Rith”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teach Rígh in aice léithe agus bhí searbhóntaigh ag an Rí. Bhí crann cnódhanna ag fás i ngarraidhe na baintreabhaighe i n-aice an tighe agus thighead searbhóntaigh an Rígh gach oidhche ag baint na gcnodhanna. Ní raibh fhios ag an gcailleach é seo ar chor ar bith. Aon lá amháin dubhairt a clann mhac léithe gur b'ionghantach a bhí na cnódhanna ag laghdú ar an gcrann. Bhí aimhreas ortha ar searbhóghantaí an Rígh go b'iad a bhí dá ngoid. Dubhairt an chailleach leo a dhul ag faire an chrainn an oidhche seo. Dubhairt siad nach leigfeadh faitchíos dóibh mar nach raibh siad sáthach láidir lé na searbhóghantaí a bhualadh dhá dtighidís go dtí an crann.
    Bhí na cnodhanna ag imtheacht ó lá go lá nó sa deiridh nach raibh aon ceann fágtha. Annsin dubhairt an chailleach nach bhféadfaidhe cur suas leis an obair seo ní b'fhuidhe agus go gcaithfidís sásamh a bhaint amach. D'orduigh an chailleach annsin dóibh dul agus an chaora a b'fhearr a bhí ag an Rígh a ghoid agus annsin nuair a ghoidfidís í go bh'féadfadh siad í a mharbhúghadh. D'imthigheadar leó ag iarraidh an chaora. Bhí orra dul thar roilig sul má shroichfidís an baile. Séard a bhí beartuighthe ag searbhóghantaí an Rígh ná duine aca dul ag goid caora a bhí ag an gcailleach agus an duine eile fanacht ins an roilig nó go dtagadh sé ar n-ais. Acht níor raibh fhíos ag an mbeirt mhac é sin.
    D'éirigh leis an mbeirt mhac an chaora
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cladhnach, Co. Galway