School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)

Location:
Pollacorragune, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0070

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0070

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cros-Bhóthar
  2. XML Page 0070
  3. XML “An Dlíodóir agus an Gasúr”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear dlighe uair amháin ar thóir Printísigh, d'imthigh sé leis ar a bhealach siar. Nuair a tháinig sé gar do'n Clochán go h-áit ar a dtugtar Baile Con Riogh mar ar rugadh Micheál Mac Suibhne. Casadh gasúr do'n fhear dlighe. "Dia dhuit", ars an dligheadóir. Dia 's Muire dhuit ars an gasúr. Cá bhfuil tú ag dul, arsa fear. "Ag díol meala is ag ceannacht milseán" adeir an gasúr. "Cheapas" arsa 'an fear dlighe nach raibh aon rud chomh milis le mil." O tá, Salann, mar sé blas gach bídh é.
    Ca bhfuil t'athair? arsa an fear dlighe. Tá sé sa mbaile." arsa an buachaill. "Céard tá sé ag déanamh" arsa an fear dlighe, tá sé ag baint an tuigheadh dá theach féin agus ag cur ar theach na comarsan é", arsa an buachaill. Ce'n chaoi a bhféadfadh sé sin a dheanamh," arsa an
    fear dlighe. "Ta sé ag ól", arsa an buachaill.
    Céard tá ag siubhail ag Dia" arsa an fear dlighe. Tá sé ag deanamh roithí" arsa an buachaill. "Ce le n-aghaidh" ars an fear dlighe. "Le na daoine atá thíos indiu - a bheith thuas amaireach," arsa an buachaill. Cá bhfuil do theach arsa
    an fear dlighe. "Tá sé thiar annsin. Ta a leath de fa díon agus an leath eile gan díon ar bith. Cuaidh an fear dlighe go dtí an baile ag cuartú tighe an ghasúir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0921: The King and the Peasant's Son
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó hAoda
    Gender
    Male
    Address
    Kilcreevanty, Co. Galway