School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cros-Bhóthar
- XML Page 0061
- XML “An Sionnach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San am úd in Éireann nuair a bhíodh na daoine bochta úd feasta chomh maith le na buic mhára. Thárla go raibh fear bocht ann a d'aithneóchadh aon sórt feála a legtaí roimhe.
Fuair sé cuireadh le dul chuig suipéar mór a bhí le bheith sa mbaile an oidhch aithrid seo. Annsin dubhairt an buitiléara, "cuirfidh mé geall nach mbeidh fhios aige cé'n mhías a leagfeas mise roimhe anocht. Thainig an oidhche 's leagadh an mhías bhreágh ghleásta roimh an bhfear bhocht. Nárbh é beo cé'n sort feola a bhí ann. Thug sé súas fé dheireadh 's dubhairt sé, "Dá fhad da dteigheann an sionnach beirtear fé dheire air." Vhuail faitchíos é nuair a chúala, m'anam gur fíos dhuit gur píosa dhe sionnach atá ann. Fuair ssé lúath saothar maith 's scaipeadh a cháil.