School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Page 0046
  3. XML “Fear na gCiseán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear na gciseán.
    Bhí bean ann fadó agus ní raibh aici acht aon mhach amháin. Dubhairt sí le na mac lá go mba cheart dó féachaint le bean a fhághail, lá'r na bháireach. Ghléas sé é féin chomh galánta is a d'fhéad sé, tharraing sé amach a chapall agus chuaidh sé ag marcuigheacht uirthi. Níor stad sé go dtí go dtáinigh sé go dtí an ceardche ba goire dó agus chuir sé cruidhte nua ar an gcapall. Nuair a bhí na cruidhte shuas ag an ngabhainn thóig an fear punt aníos as a pócha agus thug sé do'n ghabainn é. "Níl aon tsinseáil agamh" ars an gabha. "Níl mé ag iarraidh aon tsinseáil," ars an fear, acht tá mé ag iarraidh d'inghean le pósadh. "An bhfuil aon cheird agat thar talamhaidheacht" ars an ghabha. "Níl ars an feilméar "Ní thiubhraidh mise m'inghean le pósadh go aon dhuine a bheas taobh ar le aon cheird amháin" ars an gabha. Chuaidh an fear abhaile annsin agus d'innis sé an sgéal dá mháthair, teigh amach agus tabhair isteach beart slat, agus feicfidh tú féin gur gcarr a bheas mise ag múnadh ceird eile duit." Thug sé isteach na slata agus ba gearr an mhoill go raibh ciseán déanta ag a mháthair. D'fhóghluim an mac an cheird uaithe, agus rinne sé féin cúpla ciseán. Bhí an-athas air annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bhailentín Ó Dhubhagáin
    Gender
    Male
    Age
    c. 66
    Address
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway