School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Page 0050
  3. XML “Bean na bhFáinní Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bean na bhfáinní óir.
    Bhí beirt dreabháthair ann fado. Bhí duine aca an-bhocht agus bhí an duine eile an-saidhbhir. Bhí an dreabháthair bocht ag goid go leór caorach ón dreabháthair saidbhir, acht fuair an dreabháthair saidhbhir amach air é. Lá amháin cuaidh sé go dtí teach an dreabháthair bhoicht, agus thosuigh sé ag cainnt ar na caoraigh agus ag rádh go raibh siad ag imtheacht uaidh agus nach raibh a fhios aige ceard bhí dhá dtabhairt leis. Thosuigh an dreabháthair éile ag rádh nárbh é féin a bhí dhá dtabhairt leis agus gan an milleán a chur air. Thóig an dreabháthair saidhbhir páipéar chúig phunt aníos as a phóca agus thug dreabháthair eile é, agus dubhairt sé leis éirigh as chuid caoraigh féin níos mó agus a dhul go Gaillimh agus luach gchúig bpúnt de bheatha a thabhairt abhaile chuige fein agus a bhean agus chuig a chlann. Ghabh sé buidheacas leis agus d'imthigh leis go Gaillimh ar an bpoinnte. Ar a dhul go Gaillimh dó, sé an chéad áit a ndeacha sé na isteach i bpríosún. Bhí fear thuas ar an gcroich agus é go díreach ag dul dhá chrochadh nuair a labhair an dreabháthair bocht. D'fiafhruigh sé d'en chrochadóir cé mhéad airgid a bheadh ar an bhfear a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Informant
    Bhailentín O Dhubhagain
    Gender
    Male
    Age
    c. 66
    Address
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway