Glanann muid an teach roimh an Nodlag. Nuair a bhíonn an teach glanta agus chuile rud réidh, cuireann muid suas cuileann ar an teach. Oidhche Nodlag lasann muid trí coinnlí móra freisin. Crochann na páistí a gcuid stocaí ag súil go dtiocfaidh San Nioclás agus go gcuirfeadh sé rudaí síos ins na stocaí. Deirtear go mbíonn an Mhaighdean Muire ag siubhal an domhain Oidhche Nodlag agus gur ceart an doras a fhágáil fosgailte. Deirtear freisin go n-aithrigheann an t-uisge in a fhíon Oidhche Nodlag beag uair i seacht bliadhna dá bhfanfá suas chun é a fheiceáil. Bíonn féasta mór againn Oidhche Nodlag freisin. Bíonn dinnéar mór againn lá Nodlag. Bíonn lá 'le Stiopain díreach thar éis Lá Nodlag. Teigheann na buachaillí thart leis an dreoilín agus iad ag rádh an rann seo:-
Dreoilín dreoilín rí na n-éan. Lá 'le Stiopáin gabhadh an t-éan
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »