School: Garrdha (roll number 12721)

Location:
Garra, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó hAnnracháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0026, Page 0013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0026, Page 0013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garrdha
  2. XML Page 0013
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí duine uasal fadó ann agus bhí sé an-bhocht agus bhí demesne breágh aige - talmhan agus coillte. Bhí fear óg de mhac aige agus nuair a thagadh an fiadhach isteach bhíodh brón ar an mac nuair nach raibh aon chapall aige le n-a leanamhaint. Bhíodh sé i gcomhnaidhe a'foghlaeracht agus madadh beag aige agus lá dá raibh sé amuich chuir sean-dhumín a chloigeann amach as na driseacha agus chuir sé cainnt air. D'fhiafruigh sé dhe a n-imreochadh sé cluithche cártaí. Dubhairt sé go n-imreochadh agus dubhairt an sean-dhumín go n-imreochadh siad trí mhaidin i ndiaidh a chéile. Dubhairt an fear óg cé air a n-imreochadh siad. "Boil" adeir an sean-fhear , " má ghrothuigheann tú is féidir leat do rogha geasa a chur suas." Ghnothuigh an fear óg.
    " Cuir suas do gheasa" adeir an sean-fhear." Chuile bhosca dá bhfuil in mo theach , bheith a'pléasgadh le ór agus airgead maidin lá ar na bhárach." " Bhoill, tá leat", adeir an sean-fhear. D'imthigh leis abhaile agus d'fag sé an sean -fhear in a dhiaidh . Bhí an t-athair amuich agus bhí sé a'tarraingt ar a athair agus rímead air . D'innis sé an sgéal don athair. "Á" adeir an t-athair " grothochaidh sé ort sa deire. " Nuair d'éirigh siad ar maidin d'fhéach siad thart agus chonnaic siad na leid (lids) agus cruit orra le ór agus le airgead. "A" adeir an t- athair , "tá fhaitchíos orm go n-imreochaidh sé ort".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó hAnnracháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Micheál Mc Aodha
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Garra, Co. Galway