School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Location:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Loideáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)M agus C Laigheans. Bhíodh Máirtín agus Cáitín Laigheans ag dul thart ag cruinniú raighiní olna, clumh ron agus eile. Nuair a bhéadh ualach bailighthe theidheadh siad go Gaillimh leó. Bhéadh stór i nGaillimh a ndíolfadh siad na raigíní ann. Bhéadh luach cuig phunt diobh gach uair acú agus biodh greithe, bíorán agus snáthaidí acú agus bhíodh siad gá ndíol. Nuair a bheadh fearg ar Mháirtín bhrisfead sé corcan tae ar cloigeann Cháitín. D'fanfad siad seachtmhain nó coigcís sa mbaile seo. Ní Gheobhfadh siad lóisdin in ár dteach-sa chor-ar-bith.
"Barac" Fear bocht do beadh "barach". Bhíodh sé ag cruinniú uibheacha tae agus siúcre. Ní fhanfadh sé sa mbaile seo chor-ar-bith. Nuair a bhéadh sé ag dul thart tiocfadh sé isteach i chuile teach. Gheobhfad sé pighinn nó cupán tae o na daoine. Bhíodh béidlín aige agus bhíodh sé ag seinim air. Ní thiocfadh sé thart acht anois is arís.
Liam O Trúail. Buachaill báire do bheadh seisean. Bíodh sé ag bailiú fataí. Bhí bothán beag sa mbaile seo agus thagadh sé isteach ann i gcómhnuidhe.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Conríogh
- Gender
- Female
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway