School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)

Location:
Carrowbeg North, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Loideáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0025, Page 0323

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0025, Page 0323

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
  2. XML Page 0323
  3. XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh Murchadh beag agus Murchadh mór amach ag baint sméar dubh lá amháin. An méid a bhain Murchadh mór thug sé do Mhurchadh beag iad le cur i dtaisge dhó. Nuair a bhí a chuid fhéin ar fad bainte ag Murchadh mór tháinig sé go drí Murchadh beag leis an méid a thug sé dhó d'fághail ar ais uaidh. "Tá siad ar fad Ithe agam," arsa Murchadh beag. "Má tá" adeir Murchadh mór "buailfidh mé thú" Chuaidh Murchadh mór isteach san gcoill annsin le slat a bhaint. "Céard atá uait," adeir an tslat. "Tá slat a bhualfeas Murchadh beag mar d'ith sé mo chuid sméar. "Ní rachaidh mise leat," adeir an tslat "go bhfaghaidh tú sgian a bhainfeas mé." Cuaidh Murchadh mór le sgian d'fághail "Cá bhfuil tú ag dul" adeir an sgian. "Tá sgian uaim a bhainfeas slat, slat a bhuailfeas Murchadh beag mar d'ith sé mo chuid sméar." "Ní rachaidh mise leat" adeir an sgian "go bhfághaidh tú cloch a ghéaróchas mé." Chuaidh Murchadh Mór leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Ghiollarnáith
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cor an Dola, Co. Galway
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Ghiollarnáith
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Cor an Dola, Co. Galway