Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0366
- XML “Fir Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)M agus C Laigheans. Bhíodh Máirtín agus Cáitín Laigheans ag dul thart ag cruinniú raighiní olna, clumh ron agus eile. Nuair a bhéadh ualach bailighthe theidheadh siad go Gaillimh leó. Bhéadh stór i nGaillimh a ndíolfadh siad na raigíní ann. Bhéadh luach cuig phunt diobh gach uair acú agus biodh greithe, bíorán agus snáthaidí acú agus bhíodh siad gá ndíol. Nuair a bheadh fearg ar Mháirtín bhrisfead sé corcan tae ar cloigeann Cháitín. D'fanfad siad seachtmhain nó coigcís sa mbaile seo. Ní Gheobhfadh siad lóisdin in ár dteach-sa chor-ar-bith.
"Barac" Fear bocht do beadh "barach". Bhíodh sé ag cruinniú uibheacha tae agus siúcre. Ní fhanfadh sé sa mbaile seo chor-ar-bith. Nuair a bhéadh sé ag dul thart tiocfadh sé isteach i chuile teach. Gheobhfad sé pighinn nó cupán tae o na daoine. Bhíodh béidlín aige agus bhíodh sé ag seinim air. Ní thiocfadh sé thart acht anois is arís.
Liam O Trúail. Buachaill báire do bheadh seisean. Bíodh sé ag bailiú fataí. Bhí bothán beag sa mbaile seo agus thagadh sé isteach ann i gcómhnuidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Conríogh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe