Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)

Suíomh:
An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Loideáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
  2. XML Leathanach 0339
  3. XML “Fear Láidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear na chomhnuidhe i gCarráin roimhe seo a dtugaidís Éoin Ó Floinn air. Bhí sé i n a fhear an-láidir. Bhí muileann an Creige ag meilt plúr an uair sin. Bhí muileann eile ag muinntir Wade a meilt plúr i Maigheann. Bhíodh Éoin Ó Floinn ag carréaracht an uair sin do mhuinntir Wade. Bhíodh sé ag tabhairt tonna cruithneachta soir go Maigheann. Ní raibh aige ach droch chapaillín. Nuair a chasfadh cnoc leis ar an mbóthar ní bhíodh an capaillín i ndon an cárr a tharraingt. Bhainfeadh Éoin amach an capaillín ón gcárr agus thairngneochadh sé féin an cárr aníos an cnoc. Chuirfeadhsé an capaillín faoi'n gcárr arís agus thairngneóchadh sé é in áit a mbíodh an talamh cothrom.
    Is minic a chuala mé na sean-daoine ag rádh nach mbéadh aon ceó le n-ithe ag Éoin ach Gaisin Sodair. Nuair a thógadh a bhean an pota fataí ghlanfadh sé an pota. Chuirfeadh sí braoin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge