Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)

Suíomh:
An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Loideáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0338

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0338

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
  2. XML Leathanach 0338
  3. XML “Troid na dTincéirí i dTorlach Mhór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuaras an faisnéis seo ó Seán De Búrca as Áthcloigin Baile Cláir Co. na Gaillimhe. Aois 82,
    Cailleadh é i mí Márta 1938
    Timcheall trí sgór blian ó shoin bhíodh aonach an Torlach Mhór lán linncéirí. Bhíodh síad ag díol agus ag ceannach asal ann. Bhíodh chomh maith le fiche cárr tinncéirí ann.
    Bhí ceann de na tinncéirí ar meisge lá amháin. Bhí clais mhór uisge i lár na páirce agus tá sé ann fós. Thuic sé isteach ann, Tharraing beirt de na fir a bhí ag feachaint air isteach é. Nuair a sheas an tinncéir suas thosuigh sé ag bualadh na bhfear. Annsin thosaigh lucht na tíre ag bualadh na dtinncéir. Bhí chomh maith le céad bean tinncéirí ann agus maide agus buideál ag gach duine acú. Gach dá raibh san aonach chruinnigh siad thart ortha ghá mbualadh. Chaith siad uair a'chluig ag troid. Ach sa deireadh chuireadar ruaig ar na tinncéirí. Ní raibh aon troid mhór i dTorlach Mór ó shoin agus ní dheachaidh aon tinncéir ag díol asal ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe