Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0359
- XML “An Chaoi a nDéantaí Lóid Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhiodh na daoine ag déanamh lóid fadó bhaineadh síad beart seileóg ar dtúis. Nuair a bhiodh siad tirm stálaighthe bhéarfadh fear amach sa ngarrdha iad. Thaiseadh sé amach faid agus leitead an loid. Gheobhadh sé ceithre slat agus shaitheadh sé slat i ceann de na ceithre coirnéal. Annsin chuireadh sé slat i bhfoisceacht ceithre orlaigh dá chéile thart timcheall ar fad air. Gheobhad sé dhá slat annsin agus tosóchadh sé ag sniomh, thart timcheall air. Nuair a bhéadh an loid leath sníomhtha aige chuireadh sé isteach na cabhléiseachaí. Annsin thosocadh sé leis ag sníomh arís. Bheadh se ag sníomh thart timcheall annsin go mbeadh an lóid fighte aige. Imtheochadh sé annsin agus thosóchadh sé a' lúb na slaite a chur sé 'na seasamh ar dtúis agus chuirfeadh sé tóin sa lóid. Tairneochadh sé aníos annsin é as an talamh. Bhí sé na lóid annsin aige. Chuireadh sé eiris annsin air chun é a iomchur.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Conriogh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe