School: An Mhainistir, Carrabeg
- Location:
- Carrowbeg, Co. Galway
- Teacher: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- bhí fear darb ainm bríonal de búrca ina chómhnuidhe sa taobh thiar de paráiste eanach-cúain. Togha fir a bheadh é ag caitheadh cloch-phuis.
Bhí fear eile san áit agus cheap sé gurb é féin an duine ab fearr ag caitheadh cloch-phuis, ach bhúail brional de búrca agus bhí sé ar a thóir lé na mharbhadh. Annsin béigéan do bríonal a dhul ar teicheadh. Bhí sé a leithead seo de lá agus mála ar a dhruim aige. Chonnaic sé sgatafear ag caitheadh cloch-phuis. D'íarr siad air í a chaitheadh ach dubhairt sé nach raibh aon mhaith ann, ach ar chaoi bith chaith sé í, agus bhí sé i bhfad níos fearr na duine ar bith aca. D'imthigh sé leis annsin, agus núair a bhí sé imthighthe dubhairt síad gurb eisean a bhí ann agus leanadar é agus mharbhuigh síad é. Bhí cloch in-aice lé mo theachsa agus bhí sé indhon í a iomchar , agus ní raibh duine ar bith eile san áit i ndhon i a thógáil ná a corrú as an áit ina raibh sí.(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Scolaighe
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Scolaighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway