Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is fearr an tsláinte ná an táinte.
Nuair tá an t-ól istigh, tá an cíall amuigh.
Nuair is cruaidh do'n cailigh caithfidh sí rith.
An té nach ólfaidh ach uisge ní bheidh sé ar meisge.
Is fearr in am ná in amtráth.
An té a chuireann síos ní hé a thógann.
Is fearr go deirneach ná go bráth.
Is maith an marcach an té atá ar an talamh.
Is léar do'n dall a béal.
Is maith an mhac an saoghal.
Is maith an t-anlán an t-ocras.
Is maith an sgéal an aimsir.
Na tabhair do breith ar an céad sgéal go mbéarfaidh an dara sgéal ort.
Breathnuigh do'n duine maith, leig an droch duine thart.
Is fearr an mada leat na in do aghaidh.
Mar a bhfuil teine agat féin déan do gorradh leis an ngréin.
Is maith an capall a tharraingeochadh a cárr féin.
Ar mhaithe leis féin a déanann an cat crónán.
Dia thug, agus Día bhéarfhas.
Ní fada ó an té is buaine an bás.
An té a chuireann san Earrach baineann sé sa bFóghmhar.
An té a théigheann cáill na mócaireacht amach dó ní call do eirigh go meadhon lae.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Chaomhánaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Baoghail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín an Óráin, Co. Galway