School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0093
  3. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí beirt fhear ag filleadh abhaile oidhche amháin. Shuidh siad síos ins an gcoill agus chuaidh siad in a gcodladh. Maidin lá ar na bhárach tháinic sidheóg chuca agus thug sé sparán do duine aca agus cóta draoidheachta do'n duine eile. Is cuma cé'n méid airgid a thugadh sé amach as an sparán bheadh sé lán go béal i gcomhnuidhe. Aon rud a bheadh ag teastáil ó'n bhfear eile ní raibh aon rud le déanamh aige ach an cóta a chuir air féin. Lá amháin ghoid a Rí é. Annsin chuaidh an bheirt amach ar thóir na rudaí. Chuaidh siad go dtí teach an Rí ach sul a raibh siad ann, fuair siad bosca ubhla. Thóg siad na h-ubhla isteach go dtí teach an Rí. D'ith inghean an Rí ubhall. Annsin thosuigh srón an inghin ag fás. Dubhairt ceann de na fearaibh nach mbeadh a srón go maith go dtiubhradh sí na rudaí a ghoid a athair arais arís dóibh. Thug an inghean na rudaí dóibh, agus ar an nóméad bhí a shrón go maith. D'imthigh an bheirt agus an sparán agus an cóta draoidheachta aca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Mainín
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Mainín
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway