Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- Glen, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal Maol Murchadh a’s an Mac a Bháird.Bhí fear darbh ainm Maol Murchadh in a chomhnuidhe i gcaisleán na dTuath uair amháin.
Droch fhear ar fad dó bhí ann a’s bhí fuath ag achan duine air.
Chuir sé sgéala chuig fear darbh ainm Mac a Bháird ag rádh go rabh gnoithe aige leis. Tháinig Mac a Bháird a’s thug Maol Murchadh leitir dó. D’iarr sé air a dhul chuig fear uasal a bhí in a chomhnuidhe in aice an chaisleain agus an leitir a thabhairt dó. Rinne Mac a Bháird amhlaidh.
D’fhosgail an fear uasal an leitir agus léig sé do Mhac a Bháird í. Dubhairt sé leis nach rabh sgéala ró mhaith innti dó. “Tá tú lé crochadh annseo” arsa seisean le Mac a Bháird “Bhall” arsa Mac a Bháird tá sin olc go leór ach níl neart air”. Dubhairt an fear annsin má bhí athchuinge ar bith a dhith air go bhfuigheadh sé é ach gan iarraidh bheith beo.
“Tchíom tchíom” arsa Mac a Bháird “níl maith ar bith domhsa rud ar bith a iarraidh mar tá agam le bás a fhághail ar chaoi ar bith” “Ach seo rud amháin a iarras mé” arsa seisean “An t-am is mó a bhéas an rópa ag teannadh orm go thusa a’s cuir do cheann mór síos in mo bhráid fhad is thig leat é a dhinnéadh”. Nuair a chuala an fear uasal seo d’iarr sé air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Donegal