School: Doire Chasáin (roll number 15239)

Location:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Teacher:
Tomás Mac Fhionghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1079, Page 47

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1079, Page 47

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chasáin
  2. XML Page 47
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Biadh na sean-aimsire.
    I bhfad ó shoin ní rabh oiread bidh ag na daoine le h-ithe a’s tá acu ins an am atá i láthair. An chead béile a bhíodh acu ar maidín, sé préataí a bhíodh acu. In amannaí ghnídheadh siad arán as préataí, darbh’ ainm bocstaí agus d’itheadh siad é ar maidín. Ag an dó-dhéag ó chlog, bhíodh am dinneára acu agus thigeadh siad isteach agus d’itheadh siad a sáith. Bhíodh na daoine amuigh ag obair roimh an chead bhéile ar maidín. D’itheadh siad préataí go minic i bhfad ó shoin. Oltaí bainne na ngabhar go minic i bhfad ó shoin.
    Bhíodh an tábla in aice an bhalla ag am bídh, chuirfeadh siad i lár an urláir é. Is annamh a bhíodh feoil acu. Gheibheadh siad iasg go minic mar bhíodh iasgaireacht mór ann ins an am sin, agus shailleadh siad na h-éisg fá choinne iad a chongbhail beo ar feadh na bliadhna. Ní bhíodh arán geal, nó tae no subh acu i bhfad ó shoin, agus bhí na daoine cuid mhaith níos folláine na mar tá an mhór chuid acu anois a bhfuil go leor le h-ithe acu.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    87
    Address
    Doire Chasáin, Co. Donegal