Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leipreachain agus Maighdean Mara.I bhfad ó shoin bhíodh an mhaighdean mara le feiceáil go h-an mhinic ag na h-iasgairí. Is iomdha sgéal a d’innseochadh na sean iasgairí fa dtaoibh díthe. Tá an leath uachtarach díthe comhamhail le duine acht tá an leath eile díthe cosamhail le iasg. Sa geimhreadh bíonn sí in a shuidhe ar charraig nuair a bhíonn na h-iasgairí ag dul a dh’iasgaireacht, agus bíonn sí ag cioradh a gruaighe agus ag caoineadh go bronach. Nuair a chluineann na h-iasgairí í ag caoineadh ní bhíonn dúil aca a ghabhail amach a dh’iasgaireach mar síleann siad go bhfuil sí ag tabhairt comhairle dóibh gan a ghabhail amach mar go bhfuil rud eigin le tárla.
Uair amháin bhí dhá fhear ag gabhail amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maire Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64