Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 146
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Arán.I bhfad o shoin ghníodh na daoine a gcuid aráin uilig de min-choirce agus de phreataí. Ins an Earrach chuireadh siad síos bárr maith coirce agus nuair a ghearradh siad e sa’n Foghmhar, chuirfeadh siad an coirce go dtí muileann atá ar an Árd Bhan le min a dheanamh de. Bhí an plúr iongantach daor sa’n am, agus rud eile bhí sé iongabtach gann.
Sul a ndéanfadh na daoine arán de mhin-choirce agus de phréataí i bhfad ó shoin, bhruitheadh siad na preataí agus annsin phiocadh siad an craiceann dóbhtha. Annsin chuirti an mhin-choirce agus na préataí le chéile agus chuirti síos ar an teinidh é go mbéadh sé bruithte.
Ghníodh na daoine i bhfad ó shoin fósta arán de mhín bhuidhe. Gheibheadh siad an mhin mar mhalairt ins na síopaí ar mhín-choirce. Níl duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheal Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall