School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Saidhbreas i bhfolach sa'n chnoc Mór I bfad ariamh ó shóin nuair a bhí na lochlannaigh in Éirinn [ch?]uaidh siad síos go dtí Cnoc Mór, agus bhí cuid mhór oír leobhtha agus chuir siad é i bhfolach faoi charraic mhóir. Nuair a bhí an t-ór i bfolach aca d'imthigh siad, agus chuaidh siad amach in a gcuid bádaí beaga, agus d'imthigh siad go dtí a dtíortha féin arais. Fiche bliadain na dhiaidh sin b'éigin dobhtha a gcuid tíorthacha a fhágail arais mar déirigh siad bocht.Smaoitigh siad gur fhág siad ór i bhfolach in Éirinn. Tháinig siad go h-Éirinn agus tháinig siad i dtír ag Dumhaigh. Tháinig siad amach as a gcuid bádaí beaga, agus d'imthigh siad leobhtha suas go barr an chnuic go bhfuigheadh siad an t-ór. Acht nuair a chuaidh siad suas ní thiocfadh leobhta é a fhághail. Bhí dearmad deánta aca ar an áit a chuir siad é i bhfolach. Tamall maith na dhiaidh sin chualaidh Micheal Ó Siadhail as Cnoc Mór go rabh ór i bhfolach faoin charraic áit éiginteacht fríd an chnoc. Chuaidh sé amach le sac agus thoisigh sé ar chuartughadh, acht mo léán, bhí sé seacht mbliadhna ag cuartughadh an óir sul a bhfuair sé é. Lá amháin chuaidh sé amach fríd an chnoca chuartughadh mónadh mar bí(continues on next page)
- Collector
- Micheal Mac Láithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Mac Láithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal