Scoil: Caiseal na gCor (uimhir rolla 3294)
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCor
- XML Leathanach 280
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fada o bhí dá mbeinn sé gan aon sgeal chumainn fhéin sgéal. Bhí stocach ann dar'b ainm Jack. Bhí sé fhéin agus a mhathair na gcomhnuidhe go bocht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)tábla Cover the table agus thanaig gach cineál biadh ar an tábla agus d'ith siad agus d'ól siad a saith. Shuidh siad ag an teine agus thuit siad na gcodladh. Bhí Jack i gcomhnuidhe faoi an cludaigh agus chongbuigh sé cuimhne ar na focla a dubhairt an fathach. D'éirigh sé aniar agus chuir sé an tábla ar a dhruim agus d'imtigh leis. Stap sé i dteach leath bealaigh an oidhche sin. Ag gabhail a luighe do d'iarr sé ar an chailin a bhí sa teach gan cover the table a rádh leis an tábla go neireocadh seisean ar maidin. Dubhairt sí go ndeanfadh sí mar d'iarr sé. Nuair a bhí Jack na chodladh dubhairt sí Cover the table leis an tábla agus tháinig gach cineál biadh deas ar an tábla D'ith siad agus d'ól siad a saith agus chongbuigh siad an tábla agus chuir siad sean cheann eile ann a áit.
D'éirigh Jack ar mhaidin chuir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Átha Buí, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Comhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín Átha Buí, Co. Donegal