School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 160
- XML “Bean an Ghréasáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an lae a thiocfadh an bhean side a h-iarraidh. Tháing sí “anois arsa sise fágfaidh mé an chulaith seo ag d’fhear fhéin 7 ní bheidh le déanaimh agat ar a son acht béile beag bidh dhéanamh réidh dom fhéin agus do mo chuid cailíní.” Rinne an bhean réidh an méid bhí sa teach dóibh 7 tháinig an bhean sidhe agus dhá chloigeann deug cailín léi gur ith siad a raibh ann agus níor aithin siad aca é. D’iarr siad thuilleadh. Thug an bhean sac mine coirce doibh 7 fhad is bhí siad a ithe d’imthigh sí chuig cailleach na gcearc 7 d’inis sí dí nach rabh sí ábálta an bhean sidhe 7 a cuid cailín a fhághail amach as an teach, mar nach n-imtheochadh siad go mbéadh a sáith ite aca 7 nach dtiocfadh léi a sáith a thabhairt le h-ithe dóibh mar go raibh a greim deireanach aca anois 7 gur goirid go mbeadh siad ag iarraidh thuilleadh.
Imthigh leat na bhaile arsa cailleach na gcearc lei 7 nuair a thiocfas tú fad leis an doras sgairt amach go bhfuil Binn Éadar ar theinidh. Bhéarfaidh siad uilig iarraidh amach 7 nuair a gheobhfas tú amuigh iad dún an doras(continues on next page)- Informant
- Dominic Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- An Bun Beag, Co. Donegal