School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 034
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann uair amháin ar bh'ainm do Mághnus Bán, bhí sé ceithre sgór go leith blianta 7 é chomh díreach le feag 7 chomh gasta le geallamháin.”
(continued from previous page)Shiúl sé leis go raibh neón beag agus deireadh an lae ann ach níor casadh aon dhuine air a bhí ní ba shine ná é féin. Sa deireadh nuair a bhí sé ar an t-séol chasta agus é dul a philleadh na bhaile chuala sé glór chaointe. D-amharc sé thart agus chonaic sé fear na shuí cois claidhe agus é ag caoineadh. Chuaigh Maghnus fhad leis agus dúirt sé 'An misde domh ceist a chur ort cén aois tú? agus goidé fáth do chaointe?' 'Maise ní misde' arsa an fhear, 'Tá mé trí scór bliain agus tá mé ag caoineadh siocar gur bhuail m'áthair mé'. 'Agus' arsa Maghnus go h-iontach 'An bhfui d'athair beo go fóill?, ach an misde domh anois ceist a chur ort cad thuige ar bhuail d-athair tú?' 'Siocar go raibh mé ag caitheamh cloch ar m-athair mór' arsa an fear eile leis. Níor fhan Maghnus le níos mó a chluinstean, ach thus aghaidh ar an bhaile agus bí cinnte nach dearn sé aon lá magaidh ar sean dhaoine na comharsan ó shin amach.- Informant
- Eógan Mac Giolla Bríghde
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Muine Dubh, Co. Donegal