School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 002

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 002

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 002
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Fad ó shoin bhí gabha 'na chomhnuidhe suas i mbárr ghaoth barra. Ní raibh aige ach é féin agus a mhathair, bhí an mhathair ag eirghe aosta agus d'iarr sí air a ghabhail amach agus bean a phósadh.

    (continued from previous page)
    Nuair a bhí sé tamall ag séideadh léim na ceithre cosa amach as an teine agus ceithre cruiteacha ortha. Anois, dubhairt sé leis an ghabha "na fiach thusa le sin a dhéanamh, a choidhche".
    Lá thar na bharach bhí sean bheathach mór ar téad, taobh shíos den cheardtha, chuaidh an gabha síos, thóg an téad amach ón bhacan (agus) tharraing na dhiaidh aníos na ceardtha é agus ceangal ag bun an urláir é, ghlan thart fan teallach agus sguab an teach ma chonnaic sé an fear beag ribeach ruadh a dheanamh. Gheárr na cosa ansin de, chaith isteach sa teine iad agus thoisigh ar a theann dhícheall ag séideadh na mbuilg. D'imthigh an croiceann de na cosa, an fheoil de na cnámha agus bhí an sean bheathach bocht ag fághail bháis ag bun an urláir nuair a léim an fear beag ribeach ruadh isteach agus d'fiafruigh den ghabha de a bhísé a dheanamh. "Bhí mé ag fiachail leis an rud ceadna a dhéanamh a chonnaic mé thusa a dheanamh". Chuir sé ceist ar an gabha "an raibh cnámh ar bith fágtha". Dubhairt an gabha goraibh. Chuaidh an fear ruadh suas anois agus thoisigh a shéideadh na mbuilg. Nuair a bhí sé tamall ag seideadh, léim na ceithre cosa amach as an teine agus ceithre cruitheacha úra ortha. Chuir an fear ruadh air an bheathach iad annsin.
    Lár na bharach thainig an fear ruadh isteach na ceardta arais agus sean bhean ar a dhruim leis. Cheangal sé síos agus bun an urláir í. Thainig sé aníos agus ghlan thart fan teallach, sguab amach an teach agus d'amharc ar an teine. Nuair abhí sin deanta aige, chuaidh síos, sgaoil an tseanbhean, d'iomchar idir chorp agus chleiteach í agus chaith isteach sa teine í. Thoisigh a shéideadh na mbuilg agus ní raibh an séideadh i bhfad ag dul ar aghaidh gur léim cailín deas, óg, bhán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0753: Christ and the Smith
    Language
    Irish
    Informant
    Aodh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Machaire Chlochair, Co. Donegal