School: Doire Beag (B.)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag (B.)
- XML Page 33
- XML “Crothbharr an Dá Chaora”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a bhí siad ag cainnt ar seo, thainig capall deas bán anuas an tráigh ar chos in áirde agus marchach ar a dhruim. Bhí an marcach gléasta go deas, claidheamh óir ina láimh aige. Ní raibh fhios ag duine ar bith cé é fhéin.
Bhí sé fhéin agus an dobhar cú in am mhaith. Thoisigh an troid aniar agus siar an tráigh aca. Bhí an cailín óg ag coineal ar thaobh Crothbharr ar fad. Sa deireadh steall Crothbharr an do’n dobhar-cú. Comh luath agus bhí sin deanta aige bhí sé ag brath imtheacht ar chos in-áirde arís nuair a fuair an cailín óg greim ar a chois ag brath é a tharraingt anuas ach ní thainig a ghath léithe ach an bhróg.
Ní raibh fhios ag duine ar bith cé é a shábhail an cailín. Dubhairt sise annsin cé a bhfóirfheadh an bhróg dó, gur sin an fear a mhairbhuigh an dobhar-cú. Cuireadh an bhróig thart ar achan dhuine ach ní bhfuarthas duine ar bith a bhfóirfheadh sí dó.(continues on next page)- Collector
- Pádruic Ac' Giolla Bhrighde
- Gender
- Male
- Informant
- Pádruic Ac' Gallcobhair
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- An Seascann Beag, Co. Donegal