Scoil: Doire Beag (B.)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Liam Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 33

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1067, Leathanach 33

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag (B.)
  2. XML Leathanach 33
  3. XML “Crothbharr an Dá Chaora”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair a bhí siad ag cainnt ar seo, thainig capall deas bán anuas an tráigh ar chos in áirde agus marchach ar a dhruim. Bhí an marcach gléasta go deas, claidheamh óir ina láimh aige. Ní raibh fhios ag duine ar bith cé é fhéin.
    Bhí sé fhéin agus an dobhar cú in am mhaith. Thoisigh an troid aniar agus siar an tráigh aca. Bhí an cailín óg ag coineal ar thaobh Crothbharr ar fad. Sa deireadh steall Crothbharr an do’n dobhar-cú. Comh luath agus bhí sin deanta aige bhí sé ag brath imtheacht ar chos in-áirde arís nuair a fuair an cailín óg greim ar a chois ag brath é a tharraingt anuas ach ní thainig a ghath léithe ach an bhróg.
    Ní raibh fhios ag duine ar bith cé é a shábhail an cailín. Dubhairt sise annsin cé a bhfóirfheadh an bhróg dó, gur sin an fear a mhairbhuigh an dobhar-cú. Cuireadh an bhróig thart ar achan dhuine ach ní bhfuarthas duine ar bith a bhfóirfheadh sí dó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruic Ac' Giolla Bhrighde
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádruic Ac' Gallcobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Seascann Beag, Co. Dhún na nGall