School: Doire Beag (B.)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag (B.)
- XML Page 172
- XML “Stiléireacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Stilearacht.Is iomda sgéal greanamhar atá innstí fa’n slilearacht, agus fa’n dóigh a bhfaighthi buaidh ar na “Rebchiní” a bhí sa tóir ar na stileóirí.
Bhí sean stilleóir mór annseo fad ó shoin a dtugadh siad [Húdalan]? air. Bhí an lucht coimhead go geár sa tóir air, ach ní rabh dul aca greim fhághail air. Ceaca a rinneadh sgéala air, no nach dtearnadh. Fuaras amach ca rabh an goireadh a dheanamh réidh.
San dóigh nach bfeicí iad a teacht chuaidh ceannphoirt na Rebchiní leis féin ar dtús go dtí an cró, agus an cuid eile seal tamaill na dhiaidh. Nuair a bhuail an ceanmphoirt isteach ar Húdalan Dubhairt se leis go rabh sé gaibhte sa deireadh. Ca’n fhuil a madaigh gan mheas arsa Húdalan.
Le sin beiridh se greim ar an ‘péas’ tugaid leis ann a dhá laimh taobh amach(continues on next page)