School: Doire Beag (B.)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag (B.)
- XML Page 165
- XML “Drochamharc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Droch amharc
Deirtear go dtig le duine droch amharc a dhéanamh ar dhuine agus ar ainmhidhe agus na dhiaidh sin go dteigheadh siad ó mhaith. Is féidir leat a dhéanamh ar ainmhidhe leat féin.
Tá scéal innstí fa shagart as an áit seo fada ó shoin. Bhí bean pisrógach na comhnaidhe chois Ghaoth Dobhair. Rinne an sagart seo í a chongbhal bhathadh le linn a bheith ag cleachtadh pisreóg. Bhí an sagart lá ag gabháil trasna na trágha cóngarach de'n ait a rabh an bhean seo ina comhnaidhe. Bhí sé a marcaidheacht ar chapall agus ca bith a bhuail sa cheann é, tháinig bród air as an chapall agus d’amharc sé siar thar na ghuala uirthi. Cha dtearn an capall maith ó'n lá sin amach. Shíl sé gurb í an bhean phisreogach ba chionntaigh leis. I ndeireadh na dála b’éigean dó dhul fhad leis an bhean cheadna leis an chapall a leigheas dó. D’inis sí dó goide a rinne sé.