Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag (B.)
- XML Leathanach 166
- XML “Siógaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sidheogaí.Nuair a thigeadh sean daoiní le chéile i dtoighthe áirneáil fad ó shoin, ní rabh a dhath as a mbéal ach sgealta fa thaidbhsidhe - no fa’n tsluagh sidhe.
Chonnaic duine leithid seo do thais agus ní mo no gur bhain se an baile amach le sgannradh. Thainic an sluagh sidhe ar dhuine eile agus rinne siad suid i seo leis. Bhí an bunnadh óg a bhíodh ag éisteacht a glacadh seo isteach, agus ní mo no go rachadh duine aca amach thar an doras leis féin indiaidh a dhul o sholus.
Bhiodh áiteacha ar leith a mbeadh an sluagh sidhe i gcomhnuidhe ar a gcosa. Fa na tráigheanna agus fa bheanna móra uaigneacha.
Tháinic siad ar fhear san áit seo uair amháin leis féin ar an tráigh mhóir. Nuair a chonnaic se tarraingt air iad dórduigh se uaidh iad, agus thionntuigh siad in áit na mbonn agus tharraing araist ar an fhairrge.(leanann ar an chéad leathanach eile)