Droch amharc Deirtear go dtig le duine droch amharc a dhéanamh ar dhuine agus ar ainmhidhe agus na dhiaidh sin go dteigheadh siad ó mhaith. Is féidir leat a dhéanamh ar ainmhidhe leat féin. Tá scéal innstí fa shagart as an áit seo fada ó shoin. Bhí bean pisrógach na comhnaidhe chois Ghaoth Dobhair. Rinne an sagart seo í a chongbhal bhathadh le linn a bheith ag cleachtadh pisreóg. Bhí an sagart lá ag gabháil trasna na trágha cóngarach de'n ait a rabh an bhean seo ina comhnaidhe. Bhí sé a marcaidheacht ar chapall agus ca bith a bhuail sa cheann é, tháinig bród air as an chapall agus d’amharc sé siar thar na ghuala uirthi. Cha dtearn an capall maith ó'n lá sin amach. Shíl sé gurb í an bhean phisreogach ba chionntaigh leis. I ndeireadh na dála b’éigean dó dhul fhad leis an bhean cheadna leis an chapall a leigheas dó. D’inis sí dó goide a rinne sé.Mícheál Ó DomhnaillAnaithnid