Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 350
- XML “Mo Chailín Donn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níl a'n duine d'ar cualaidh mó sgeúl an uair sin,
Nar dubhairt, gur thruagh bhocht an buachaill bán.3.
Ní rabh corr na lúb ann, d'ar chuir sí n-umhail domh,
Nach bhfásfadh an féar fríd an eitir dhonn;
'S nach dtiocfadh an fhairrge go bruach an tsléibhe,
'S go n-éalochainn fhéin le mó chailín donn.4.
A chúilfhinn ómra a gcruaichfhinn móin duit,
'S ag ceangal an Fhóghmhair níor chuir mé suim;
Ma's e baois na h-óige is dioghhail comhairle,
Pós do rogha fhear, 's na bí liom.5.
Da mbéinn mó bhád beag ba deas a shámhfhainn,
Gach uile chearn d'a bhfuil stór mó chroidhe,
Ó bhéinn ag reachtaidhe leis na tonnaí báidte,
'S ag éirghe i n-áirde leis na bruaigh bhuidhe.6.
Bhéinn 'gá teannaidh le mó chroidhe s 'gha fáisgeadh,
'S idir mó dhá láimh níorbh fhada an oidhche;
'S ní iarrfhainn athchuinge go h-uair mó bháis,
Ach a'n phóg amháin 's í fhághail ó stór mó chroidhe.7.
Tá mé ar an bhaile seo le bliahdain is ráithche,
'S níor baisdeadh páisde gan cead ó'n chléir;
Ach phósfhainn lánamhain a bheirfheadh lámh domh'
Go mbéadh siad sásts leis an cheangal chruaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Uí Baoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch an Iúir, Co. Donegal