Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 312

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 312

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 312
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí beirt fhear ann aon uair amháin agus tugadh ordughadh daobhtha a ghabhail a bháirseóracht. h-Iarradh ortha an abhainn a bhí ag gabhail fríd an bhaile a choimhead agus dá bhfuighfhidhe greim ar dhuine ar bith ag ruaigeadh na h-abhanna go bhfuigheadh an

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    bradán ithte acu shuidh siad síos a chómhraidh.
    Le sin fhéin tháinic cnap toite anuas agus ní mó na go rabh na fir ábalta an bealach a fheiceáilt leis an doras a fhosglaidh. “Nach millteanach an séideadh anuas atá ann” arsa fear acu. “caithfidh sé go bhfuil athrughadh ar an aimsir.” Arsa’n fear eile.
    Le sin fhéin líonadh an teach de toit. “Bhó! Bhó!” arsa an bheirt fhear, “tá na saighdiúirí amuigh agus muirbhfidh siad muid. Tá siad ag cur scrath ar an t-simleóir.
    “Bhal, rachaidh muid amach ar chor ar bith cé bith a dhéanfar linn ach is dóiche liom gur an príosún a bhéas fá n-ar gcoinne.”
    D’fhosgail siad an doras aus chuaidh siad amach, ach ní rabh aon duine le feiceáil acu ach go rabh scraith ar mhullach an toighe agus nach rabh sí ag leigint amach na toite.
    Thug siad fá ndear duine éigin ag siubhal taobh shiar de’n bhóthán agus shíl an bheirt fhear gurbh’ iad na péus a bhí a gcoimheadh, agus chongbhuigh sé an bheirt fhear ina rith anuas agus suas chois na h-abhanna go maidín. Ar maidín lá ar na bhárach h-innsiughadh daobhtha gur duine éiginnteacht a bhí a gcoimhead. Agus ó’n lá sin ní bá mhó níor fhan an bheirt fhear ins an bhóthán i rith oidhche.
    Sgéalaidhe: Sorcha Ní Dhómhnaill, Áirdmhín, Clochán Liath.
    Scríobhnóir: Máire Ní Dhomhnaill, Áirdmhín, Clochán Liath.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Dhómhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal