Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “Iolar agus Aingeal”
  4. XML “An Cliabh Cáinte agus Mac A Bháird”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Tá sin iongantach” arsa an Rí.
    “An rabh duine ar bith annseo ariamh” arsa Aingeal nach bhfuil ann anois. Sgairteadh ar an bhainriogain. Dubhairt sise go raibh gasúr beag aca agus lá amháin go raibh sé fhéin agus an bhanaltra ina suidhe amuigh ar leána ag deanamh cuideachta, agus gur reath an bhanaltra isteach fa choinne rud éigin agus nuair a chuaidh sí amach go raibh an leanbh ar shiubhal le h-iolar.
    Chuimhnigh Iolar ar gach rud a dteachaidh sé fríd. Dubhairt sé gurb í Aingeal a bhean. Pósadh an dís
    D’imthigh Iolar i bhfiadhain, d’imthigh Aingeal na bhflaitheas agus lá da dtuairisg ní bhfuair mise ó shoin.
    Brigíd Ní Dhubhgain, Cró Phádraig, Clochán Liath. Tírchonaill.
    Sgéalaidhe: Domhnall Ó Domhnaill, Tulaigh Clochán Liath. 75 bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Chliabh Cháinte agus Mac A’ Bháird
    Bhí fear i n-Éirinn aon uair amháin ar b’ainm do an Cliabh Cháinte. Bá é an rún a bhí aige Mac A’ Bháird a chur amach a’s a chuid talaimh. Tháinic sé go dtí teach Mhic An Bháird aon lá amháin nuair nach raibh aon dhuine ins an bhaile ach an gasúr a bhí ar fastódh acu. Chuir an Chliabh Cháinte ceist ar an ghasúr cá raibh bean an toighe. “Tá,” arsa seisean, “tá sí amuigh annsin ag marbhughadh rudaí agus an méid a gheobhaidh sí fágfaidh sí ‘na dhiaidh iad agus an méid nach bhfághainn bhéirfidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0921: The King and the Peasant's Son
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Donegal