School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 122
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag radh go rabh fear fríd an bhaile mór nach rabh i gceart. Sa deireadh bheígean do na croicne a dhíol ar cúpla sgilling. Chuaidh sé abhaile agus fearg mhór air.
Bha gnathac le Murchadha Beag luighe ag ceann an tseomra agus ba ghnathach le na mháthair luighe ós coinne na fuinneóige. Dathruigh seisean leabaidh le na mháthair. Tháinig Murchadha Mór í lár na h-oidhche agus shíl sé gur Murchadha Beag a bhí ‘san leabaidh a bhí (‘san) ag ceann an tseomra. Bhuail sé an mháthair agus mharbh sé í. Dimthigh sé abhaile agus shíl se go rabh Murchadha Beag marbh aige. La thar na bharach thug Murchadha Beag leis a mháthair ar a dhruim go dtí na Gleanntaigh. Bhí poll mór uisge ag ceann an bhaile mhór agus chuir Murchadha croisiní faoithe agus dfág í na seasamh ós cionn an poill. Chuaidh sé suas go dtí teach a rabhfhar ag deanadh tae ann agus diarr sé ortha dhá chupa tae a dheanadh réidh agus uibheacha a bhruith. Dubhairt sé le bean de na cailiní, “Tá mo mháthair shíos udaigh agus tá sí ag guidhe ós cionn an phoill, Sileann sí gur tobar beannuighthe atá ann. Gabh síos agus iarr uirtí theacht aníos. Tá sí íongantach bodhar agus muna gcluinidh [sí]? Thú gabh agus croith í”. Cuaidh sise síos agus thoisigh sí ag sgairtigh le na mháthair theacht aníos agus ar ndoighe ní bhfuair sí freagra. Chuaidh sí síos agus craith sí í acht thuit an bhean marbh sí(continues on next page)- Informant
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 29
- Occupation
- Múinteoir