School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Derryloaghan, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
Seán an Chlochair Dhuibh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí sin ann agus i is fada ó shoin ó bhí.
Bhí bean ina cómhnuidhe ar an Chlochar Dhubh agus bhí triúr mac aicí. Bhí an bheirt ba sinne ina mbuachaillí críonna acht bhí an fear ba óige (Jack) rud beag sodhantach.
Lá amháin chuaidh siad go h-áonach Bhealach Feidh agua bhí lód coirce le achan dhuine aca. Díol Jack a chuiud coirce agus fuair luach mhaith air. Annsin thoisigh sé ag siubhal anuas a’s suas sráid Bhealach Feidh. Fhad is bhí sé ag siubhal, bhí sé ag amharc isteach ar na fuinneogaí go bhfeiceadh sé goidé an seort áiteanna a bhí astoigh. Tháinig sé fhad le fuinneog agus ce a chonnaic sé astoigh acht cailleac agus i ag cearrbochas leithe fhéin.
Chuaidh Jack isteach chuicí ná bí dúil aige i g-cearrbochas. D’iafruigh sise do an imireochadh sé [Cuiche]? agus dubhairt sé go n-imireocadh. Thoisigh an cearrbochas

(continues on next page)
Informant
Seosamh Ó Dochartaigh
Gender
male
Age
30
Occupation
múinteoir
Language
Irish